|
Seo dhuit an scéal -
Lucht Bainte na Móna
"Ní móide," arsa Liam Breathnach, "go bhfuil na rudaí ar a glaodhtar cluch- racáin ar fagháil fé láthair in aon chór. Is é mo thuairim go bhfuilid glanta leo amach as an dtír le fada an lá." "Ná codail ar an gcluais sin, a Bhreathnaigh," arsa Páid Ó Murchadha ag cur gothadh an eóluis air féin, "mar táid ann a chonnaic iad gan aon dabht." "Adhe," arsan Bhreathnach, "na sean-daoine a mheasann tú a rádh, iad san atá ag tabhairt an fhéir leis na bliadhantaibh agus nách baoghal go dtiocfaid ar ais chun a innsint dúinn cad é an saghas rudaí a bhí ionta." "Cad é an saghas ruda an cluchracán !" adubhairt Páid Ó Murchadha agus iongnadh air. "Féach orm féin, a dhuine mh'árann. Ní duine marbh ná mí-lítheach mé an mhaidean bheannuighthe seo, buidheachas le Dia dá chionn, cé go bhfeaca-sa ceann aca. Bain an chluas díom muna bhfeaca. Seadh, agus bhí Seán Ó Loingsigh im' theannta an lá céadna agus do chonnaic seisean é chómh maith. Tá sé suas le cúig bliadhna déag ó shín anois ó bhíos féin agus Seán Ó Loingsigh ag dul go portach Chúl na dTulach i bparóiste Mágh Guairne ag iarraid móna. Cad do bheadh rómhainn amach ach garsún deich mbliadhan nó níos mó, b'fhéidir, a bhí go leathan-ghuailneach téagartha. Bhí cóitín liath á chaitheamh aige, agus stocaí a bhí ar aon dáth leis an gcóitín, agus sean-cháibín dubh olna. "Dar fiadh," arsa Seán Ó Loingsigh, " chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh is é an cluchracán é." "B'fhéidir é," arsa mise. Ní rabhas ró- dheimhnightheach de, an dtuigeann tú, mar ní fheaca aon cheann aca riamh roimis sin. "Táim cinnte dhe," ar seisean. "Féach é !" Ná feiceann tú na féadfadh aon garsún bheith chómh leathan téagartha leis? Gabhaimís é, a Pháid, ma's féidir linn é, agus bainfimíd a sparán de, ionnas ná beidh díth airgid orainn arís choidhche, mar bíonn scilling le fagháil i mbun an sparáin úd gach uair a chuireann duine a lámh isteach ann á iarraidh." Do chaitheamar dínn an dá chléibh a bhí dhá iom- char againn agus siúd ar aghaidh sinn ina dhiaidh. Ní raibh an garsún thar fiche slat chun tosaigh agus do tiomáin sé rómhainn go dtáinig sé chun díge a bhí i lár an phortaigh. Cuir sé an díg de chómh héascaidh le dreólán teasbaigh, agus do lean sé air gan stad gan staonadh, agus sinn-ne ar a thóir i gcómhnaidhe. Ach cé go rabhamar araon ag cur alluis ' cíonn déine na coisidheachta, ní fhéadfaimís teacht suas leis. Do leanamar é ar ár gcroidhe-dhícheall ar feadh cearthramhadh mile slighe. Bhí seisean ag cur de go breágh bog ós cómhair ár súl i gcómhnaidhe. Annsan tháinig sé mar a raibh cruach mhóna agus iompuigh sé uainn timcheall na cruaiche. "A Sheáin, a laogh ghil," arsa mise leis an Loingseagh, "ní fada go mbeidh sé ar nasc againn ar an dtaobh eile den chruaich." "Is linn é, feasta, a mhic ó," arsa Seán agus d'iompuigh sé timcheall cúinne na cruaiche. D'iopuigheas-sa féin timcheall an chúinne eile i slighe is ná beadh dul uainn ag an gcluchracán. Do bhuaileamar le chéile ar an dtaobh thall ach má bhuail ní fheacamar aon ruainne den té a bhí uainn. Bhí sé imthighthe chómh glan agus dá mb'é an talamh féin a shloigfeadh é ! Dubhairt an Loingseach gurbh' é an cluchracán a bhí ann gan aon dabht, mar ná raibh aon pholl sa chruaich mhóna a bhí mór a dhóthain do chun dul i bhfolach ann.
Sin é
|