It is currently Thu 23 Apr 2026 7:14 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 
Author Message
PostPosted: Tue 14 Apr 2015 11:00 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Toisc go gcaithim roinnt mhaith dem chuid ama i gCiarraí i rith an tSamhraidh (ar a laghad nuair a bhíos beagáinín níos óige ar aon nós), thugas cuairt ar Ballinskelligs go minic (nílimid suite ach 5 mhíle déag ón áit san).

Dúirt m'athair liom go mba cheart go litrítear ainm na háíte "Baile na Sceilge" in ionad an ainm oifigúla, "Baile an Sceilg". Is focal baininscneach í an focal "sceilg" san fhoclóir. Ní maith an rud é dá mbeadh gramadach mícheart mar ainm Gaeltachta, an ea?

'Fad is atá mé ag labhairt faoin gceantar seo, cén saghas Gaeltacht é? Níor chualas ach roinnt bheag Gaeilge á labhairt sa chaifé ar dtrá, agus an fáth a tugadh ná go raibh "na múinteoirí timpeall" (nó rud éigin mar sin).

Go raibh maith agaibh!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 15 Apr 2015 10:09 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1313
Tá an ceart aiged' athair. Tá cúpla leabhar agam a scríobh cainteoirí dúchais as Baile na Sceilge ag deireadh an chéid seo caite, agus is é "Baile na Sceilge" atá ag gach duine acu.

Ní Gaeltacht in ao' chor é, tá Gaelainn ag roinnt mhaith den seanadream, ach is annamh a chloisfeá í á labhairt gan foghlaimeoirí a bheith ann. Is ait an scéal é, bhí níos mó cainteoirí in Uí' Ráthach ag tosach an chéid seo ná mar a bhí i gCorca Dhuibhne.

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 15 Apr 2015 10:46 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Faightear cúpla hit le "Baile na Sceilge" ar Google, ach ní a lán i gcomparáid leis an ainm oifigiúil mícheart.

An bhfuil á rá agat ná nach Gaeltacht é, ach in ainm amháin? Deireann Wikipedia liom gur Gaeltacht é, b'fhéidir go bhfuil sé mícheart?


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 15 Apr 2015 11:22 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1313
Bhoil, deireann Wikipedia gur Gaeltacht é Oileán Acla agus is fada an lá ó bhí Acaill ina Ghaeltacht. Tá seanadaoine ann go bhfuil Gaelainn dúchais aca, ach is deocair bualadh leotha, Breac-Ghaeltacht ana-lag atá i gceist, agus taobh amuigh de Bhaile na Sceilge, tá Uí' Rá' ina Ghalltacht.

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot] and 420 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group