It is currently Tue 21 Apr 2026 5:45 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 9 posts ] 
Author Message
PostPosted: Tue 26 Aug 2014 3:41 pm 
Offline

Joined: Sat 25 Feb 2012 8:40 pm
Posts: 48
A chairde,

Cén Gaeilge a chuirfeadh sibh ar "song translation" (sé sin, go dtógtar amhrán, fágtar an ceol mar atá, agus cuirtear na focail i theanga eile).

An bhfuil "aistriúchán na n-amhrán" sásúil? Glacaim leis gur féidir "the translation of the songs" a bhaint mar chiall as sin, ach ní fheicim réiteach níos fearr.

Fáilte roimh thuairimí!

Briain.

[Ceartúchán: bhí "aistriúcháin na n-amhrán" (le i sa bhreis sa chéad focal) agam an chéad uair. Ní raibh sé i gceist agam]


Last edited by Briain786 on Wed 27 Aug 2014 9:54 am, edited 2 times in total.

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Song translation
PostPosted: Tue 26 Aug 2014 5:03 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Sep 2011 2:06 pm
Posts: 715
Briain786 wrote:
A chairde,

Cén Gaeilge a chuirfeadh sibh ar "song translation" (sé sin, go dtógtar amhrán, fágtar an ceol mar atá, agus cuirtear na focail i theanga eile).

An bhfuil "aistriúcháin na n-amhrán" sásúil? Glacaim leis gur féidir "the translation of the songs" a bhaint mar chiall as sin, ach ní fheicim réiteach níos fearr.

Fáilte roimh thuairimí!

Briain.



"The translations of the songs" is ciall le "aistriúcháin na n-amhrán"

Tá "amhrán" firinscneach. Mar sin de: "aistriúchán an amhráin" = "(The) song translation"/"(the) translation of the song".


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Song translation
PostPosted: Tue 26 Aug 2014 8:00 pm 
Offline

Joined: Sat 25 Feb 2012 8:40 pm
Posts: 48
Grma a Errigal, ach is dóigh liom gur "the translation of the song" ciall "aistriúchán an amhráin". Ní dóigh liom gur féidir ach an ciall sin a bhaint as. Agus mothaím go ndéanann sin tagairt d'amhrán amháin ar leith.

Le "song translation", táim ag déanamh tagairt don phróiseas, don choincheap.

Rith sé chugam go mbeadh an ciall chéanna le "the translation of songs". Agus aistrítear a leithéad le "an t-aistriúchán amhrán" muna bhfuil dearmad orm. Tá "amhrán" sa ghinideach iolra age deireadh.

Fáilte roimh thuairimí ar sin.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Song translation
PostPosted: Wed 27 Aug 2014 1:32 am 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
An ndéanfadh "aistriughchán amhrán" (gin. iol.) an gnó?

_________________
(SL)(GM)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Song translation
PostPosted: Wed 27 Aug 2014 9:53 am 
Offline

Joined: Sat 25 Feb 2012 8:40 pm
Posts: 48
Mothaím nach ndéanann, ach go raibh maith agat. Mar shampla, ní dóigh liom go n-oibríonn "Próiseas casta is ea aistriúchán amhrán". Is fearr liom "Próiseas casta is ea an t-aistriúchán amhrán". Fásann an tuairim seo ar fad as eolas a fuair mé sa Chaighdeán Oifigiúil 2012. Rinne mé an múnla a leanann as eolas a fuair mé i ranna 3.1.3 agus 3.1.8. Cuirim fáilte roimh phlé ar an ábhar seo (cé go samhlaím gur pléadh cheana é, ní bhfuair mé mórán ag cuarach na cartlainne).

hata + fear = hata fir
(a/f éiginnte á cháiliú le ha/f éiginnte)
A hat of a man

hata + an fear = hata de chuid an fhir
(a/f éiginnte á cháiliú le ha/f cinnte)
A hat of the man

an hata + fear = an hata fir
(a/f cinnte á cháiliú le ha/f éiginnte)
The hat of a man

an hata + an fear = hata an fhir
(a/f cinnte á cháiliú le ha/f cinnte)
The hat of the man


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Song translation
PostPosted: Wed 27 Aug 2014 11:41 am 
Offline

Joined: Sat 22 Sep 2012 5:40 pm
Posts: 157
Briain786 wrote:
Mothaím nach ndéanann, ach go raibh maith agat. Mar shampla, ní dóigh liom go n-oibríonn "Próiseas casta is ea aistriúchán amhrán". Is fearr liom "Próiseas casta is ea an t-aistriúchán amhrán". Fásann an tuairim seo ar fad as eolas a fuair mé sa Chaighdeán Oifigiúil 2012. Rinne mé an múnla a leanann as eolas a fuair mé i ranna 3.1.3 agus 3.1.8. Cuirim fáilte roimh phlé ar an ábhar seo (cé go samhlaím gur pléadh cheana é, ní bhfuair mé mórán ag cuarach na cartlainne).

hata + fear = hata fir
(a/f éiginnte á cháiliú le ha/f éiginnte)
A hat of a man

hata + an fear = hata de chuid an fhir
(a/f éiginnte á cháiliú le ha/f cinnte)
A hat of the man

an hata + fear = an hata fir
(a/f cinnte á cháiliú le ha/f éiginnte)
The hat of a man

an hata + an fear = hata an fhir
(a/f cinnte á cháiliú le ha/f cinnte)
The hat of the man


A Bhríain,

Déarfainnse go bhfuil leagan Mhurchaidh ceart go leor, mar atá do chuid aistriúcháin féin chomh maith.

Próiseas casta is ea aistriúchán amhrán - song translation is a complex process

Próiseas casta is ea an t-aistriúchán amhrán - the translation of songs is a complex process

Slán,

Domhnall

_________________
Ultach mé agus Gaeilg Uladh a labhraim go measardha maith!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 27 Aug 2014 8:58 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
An-choitcheann atá an dul cainnte seo. Seo solaoidí eile air:

innsint scéalta - story-telling/telling stories
marcaidheacht capall - horse-riding/riding horses
nigheachán éadaighe - "clothes-washing"/washing clothes

(N'fheadar arbh fhéidir "aistrightheoireacht amhrán" a dh'úsáid dá mba ag cur síos ar ghnó aistrightheora amhrán (song translator) - más ann d'á leithéid - a bheifí ?)

_________________
(SL)(GM)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 30 Aug 2014 10:00 am 
Offline

Joined: Sat 25 Feb 2012 8:40 pm
Posts: 48
Is dócha go mbainfidh mé úsáid as "an t-aistriúchán amhrán" nó "aistriúchán amhrán", de réir mar is cuí san abairt.

Ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil "aistriúchán" tofa mar an téarma a chuireann síos ar ghnó an aistritheora: ní fhaightear "aistritheoireacht" in Ó Dónaill/focal.ie in aon chor.

Míle buíochas as bhur bhfreagraí.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 30 Aug 2014 4:28 pm 
Offline
User avatar

Joined: Wed 04 Jan 2012 3:48 am
Posts: 133
Location: Éire
Gan amhras is annamh a thagtar air ach má dheinir é a ghúgláil gheobhair i n-úsáid é.
Is fearr na cinn atá id' theachtaireacht thuas ar aon chor.

_________________
(SL)(GM)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 9 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 443 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group