Briain786 wrote:
Mothaím nach ndéanann, ach go raibh maith agat. Mar shampla, ní dóigh liom go n-oibríonn "Próiseas casta is ea aistriúchán amhrán". Is fearr liom "Próiseas casta is ea an t-aistriúchán amhrán". Fásann an tuairim seo ar fad as eolas a fuair mé sa Chaighdeán Oifigiúil 2012. Rinne mé an múnla a leanann as eolas a fuair mé i ranna 3.1.3 agus 3.1.8. Cuirim fáilte roimh phlé ar an ábhar seo (cé go samhlaím gur pléadh cheana é, ní bhfuair mé mórán ag cuarach na cartlainne).
hata + fear = hata fir
(a/f éiginnte á cháiliú le ha/f éiginnte)
A hat of a man
hata + an fear = hata de chuid an fhir
(a/f éiginnte á cháiliú le ha/f cinnte)
A hat of the man
an hata + fear = an hata fir
(a/f cinnte á cháiliú le ha/f éiginnte)
The hat of a man
an hata + an fear = hata an fhir
(a/f cinnte á cháiliú le ha/f cinnte)
The hat of the man
A Bhríain,
Déarfainnse go bhfuil leagan Mhurchaidh ceart go leor, mar atá do chuid aistriúcháin féin chomh maith.
Próiseas casta is ea aistriúchán amhrán - song translation is a complex process
Próiseas casta is ea an t-aistriúchán amhrán - the translation of songs is a complex process
Slán,
Domhnall