A chairde,
Tá staidéar á dhéanamh agam ar aistriúchán a rinne TG Lurgan ar "Call Me Maybe" le Carly Rae Jepsen:
http://tglurgan.bandcamp.com/track/cuir ... rm-bf-idirAch tá fadhb agam le nath cainte amháin isteach ann, sé sin "leis an ádh". Comhthéacs:
EN:
You took your time with the call
I took no time with the fall
You gave me nothing at all
But still you're in my way
GA:
D’fhán tú i bfhad
leis an ádhThit mé gan chúis gan aon fáth
Ní raibh ort tada a rá
Ach fós is tú an té
'Siad na ceisteanna agam ná:
- An bhfuil ciall leis?
- An ndéarfadh éinne a leithéad?
Seachas daoine a bheith ag tabhairt buille faoi thuairim, ba mhaith liom cloisint ó dhaoine atá cuíosach cinnte maidir lena bhfreagraí ar na ceisteanna seo.
Míle míle buíochas daoibh,
Briain.