TIGH EOGHAINÍN (ó Rabhlaí Rabhlaí)
Rann dréimire é seo a thaitin go mór leis na leanaí. Dar ndóigh, tá an rann seo ar aon dul le 'This is the house that Jack built'. Is féidir an rann seo a insint ina shlabhra, ag tosnú le guth amháin agus guthanna breise a thabhairt isteach san insint de réir a chéile, mar atá le clos ar an taifead. Toisc gur rann cuíosach fada an rann seo tá an chaoi ar an rang ar fad a bheith páirteach san insint.
TIGH EOGHAINÍN
Sin é Eoghainín.
Sin é an tigh
A thóg Eoghainín.
Sin é an comhra, (an córa a deirtear)
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin í an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin é an francach, -
A d'ith an eorna, (A dh'ith atá sa chanúint)
A bhí sa chomhra
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin é an cat,
A mharaigh an francach, -

(A mhairibh a' frauncach a deirtear)
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin é an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, -
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin í bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, -
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin í cailín deas na gruaige finne,
A chrúige bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, -
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin é fear na féasóige is na ngiobal,
A phóg cailín deas na gruaige finne, -
A chrúigh bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, -
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh,
A thóg Eoghainín.
Sin é an sagart paróiste cóir ceart cliste,
A phós fear na féasóige is na ngiobal,
A phóg cailín deas na gruaige finne, -
A chrúigh bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, -
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.
Sin é an ceolaí coiligh,
A ghlaoigh ar an sagart paróiste cóir ceart cliste, -
A phós fear na féasóige is na ngiobal,
A phóg cailín deas na gruaige finne, -
A chrúigh bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, -
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.