Lughaidh wrote:
Goidé na focla a úsáideas tú le "parents" agus le "grandparents" a ráidht?
Is dóigh liom nach n-úsáideann na cainteoirí dúchais na focla "tuismitheoirí", ná ""seantuismitheoirí" (??níl 's agam an bhfaghthar an focal sin ins na foclóirí féin...)
grma
Bhuel is "athair agus máthair", "seanathreachaí agus seanmhaithreachaí" a chloiseann mise go hundúil, agus is é a usáideann mé féin freisin. Agus "seanmhuintir" i gcásannaí airaid.
Tá m'athair is mo mháthair....Ní aon fhocal tradisiúnta againn ar "siblings" ach an n-oiread.