Braoin wrote:
Can you put the above into Gaeltacht Irish so that I can have a read and perhaps better understand your argument?
Thanks.
Braoin, I think it unlikely that you can't understand English, and the question is merely designed to show that I am a learner. But in any case, I have interpreted your post as a translation request (although I would suggest that you did not tattoo the following on your body without three people in agreement). The following aims to be (but is probably not) traditional Munster Irish:
Quote:
An Coiste Téarmaíocht, An Gúm agus Bórd na Gaelainne - do cuireadh iad go léir fé choimirce Forais na Gaelainne de réir mar a socraíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Chómh fada agus a théann mo chuímhne, gheibheann Foras na Gaelainne 75% dá mhaoiniú ó Stát na hÉireann, agus 25% de ó údaráisíbh Thuaisceart Éireann, agus 17 de mhilliúnaibh de euro sa mbliain an maoiniú ar fad atá acu.
Ní dó' liom gurbh fhéidir le duine amháin go mbeadh suím aige sa teangain, ach a bhainfeadh a shlí bheatha amach cuma éigint eile, eólas do chuir le chéile in' am shaor agus dul i gcomórtas le focail.ie nú le foclóir.ie. Ní lú ná mar atáid na múinteóirí Gaelainne - múinteóirí an CO - ag obair in aisce. Nílid na haistritheóirí ag obair in aisce ach chómh beag - agus is é is dóichí, ná deinid lucht Rannóg an Aistriúcháin a gcuid saothair gan díolaíocht - tugthar airgead dóíbh as. Is amhlaidh go raibh daoine, ar an bhfóram so, agus do dheinidís casaoid ar conas mar a dúnadh "Gaelscéal" - an déarfaidh sibh cad 'na thaobh? Ní toisc na daoine ' bhíodh ag obair in aisce, mar dhea, ní toisc iad a bheith tar éis a bheartú a gcuid ama shaoir a chaitheamh le rud éigint eile - ach toisc Forais na Gaelainne ' bheith tar éis a gcuid maoinithe ' tharrac siar. Tá airgead poiblí fé bhun an chórais CO - fé bhun na gcóraisí oideachais, aistriúchain, agus foílseacháin uile - agus ní saor in aisce, chun leasa an phobail, a deintear é. Tá airgead mór ag an Stát á chaitheamh leis an dteangain - téann sé i bhfad thar réim Foras na Gaelainne, isteach i gcóraisíbh oideachais agus in sna meánaibh cumarsáide, gan trácht ar an airgead a curtar amú ar aistriúchánaibh gan mhaith - na dosaein de mhilliúnaibh de euro gach bliain.
Ní chuirfinn 'na choinnibh ar choinníll go gcaithfí an t-airgead go leir le Gaelainn na Gaelthact!