An Lon Dubh wrote:
Do cheartaíos an teachtaireacht, níl aon bhotún ann anois.
Sampla eile:
Seana-ghramadach:ar an ngeata mbuí.
Gramadach an lae inniu:ar an ngeata mbuí
ar an ngeata buí
ar an ngeata bhuí (foirm is coitianta)
Sa chaint fhormhór na ndaoine, cuirtear séimhiú ar an aidiacht.
Sa Mhumhain*, Séimhítear aidiacht i ndiaidh idir ainmfhocail bhaineann agus ainmfhocail fhireann:
ar an mnaoi/mbean mhór.
ar an bhfear mhór.
I gcanúintí eile, Ní séimhítear ach aidiacht bhaineann.
Connacht:ar an mbean mhór
ar an bhfear mhór
Ulaidh: (Nílim cinte go bhfuil an ceart agam i dtaobh na canúna so, is dócha go bhfuil a fhios ag Lughaidh.
)
ar an bhean mhór
ar an fhear mhór
Thá sé soiléir im' aigne anois, ana- mhíniughadh is dócha go mbeidh an t-eolas eile ag Lughaidh.
An Lon Dubh wrote:
*Ins an Mhumhain, nó Ins an Mhumha, Is é "Mumha" an seana-ainmneach.
Sin é go díreach
An Lon Dubh wrote:
An fuaim. Is é "Ma" an chéad shiolla agus "cabhlaíos" an tarna siolla.
Macshamhlaíos = I copied.
Ach, tá dhá fhuaim "a" ag an nGaelainn. Is é an tarna saghas, saghas atá sa fhocal "mairbh", an "a" i "Macshamhlaíos".
Tuigim anois thú
An Lon Dubh wrote:
Bó:
T.A. uatha: Céad bó! Tá spré mhaith aige! An raibh fear sa dúthaigh so riamh chomh saibhir agus atá sé?
T.A. iolra agus T.T. iolra: Is fuath liom na ba a chomáint, is docha go ndéanfaidh cladhaire éigin iarracht ar na buaibh a chreachadh.
T.G. uatha, T.T. uatha agus T.G. iolra:
An mbíonn spré a(i)ges na fearaibh?
An í comáint an focal gnách i gCorcaigh? nú an í ciomáint a bhí i gcéist agat?
'Sé ciomáint nú comáint? an focal le haghaidh "drive- drive cattle- eallaigh nú bó a chiomáint" i nGaoluinn na Mumhan. Measaim gurb é tiomáint an focal i gCúige Connachta. Ach nuair a bhídís ag iarraidh focal a chruthughadh i gcomhair "drive a car"- phriocaidís tiomáint. Mar san fós i nGaolainn na Mumhan deirtear ciomáint nuair atháid ag bagairt/ ciomáint na ngamhna agus tiomáint nuair atháid ag tiomáint c(h)airr. Tagann iomáint nú iomáiníocht (hurling- to drive forward) ó'n bhfréaimh céanda.
An gcuireann na corcaígh "t" ag deireadh éigin, éigint a áirímse do ghnách.
buaibh
, ach anois is aríst chímse bóibh leis.
An Lon Dubh wrote:
Mammaí: A Cháit, Tair i leith!
Cáit: Táim id' aice, a Mhammaí.
Mammaí: Ó, Chím anois thú. A lao, téir go tigh Sheáin agus iarr air teacht anso. Beidh sé sa pháirc na mbó.
Cáit: An leogfaidh/ligfidh sé dom an bhó a bheathú
Mammaí: Aililiú, a Cháit, Tá ardchion agat ar an mboin sin
Cáit: Dúirt Seán gur liom an bó san, mar sin, tá sláinte na bó úd orm.
Mammaí (I gcogar léi féin): A Sheáin, cad chuige a dúraís léi é sin?
Cáit: Cad taoi á rá, a Mhammaí?
Mammaí: Ná bíodh ceist ort. Téir anois.
Is breágh liom an comhrádh, ana nuadh- aigeanta
An bhó agus ar an mbóin? nach ea?
An leogfaidh chímsa é ins an litridheacht agus tuigim go gcialaíonn sé ligfidh ach níor áiríos é sa chainnt riamh- an bhfoghraítear é mar lowg- hig?
taoi
An Lon Dubh wrote:
An chéad fhocal eile:
Talamh.
T.A uatha: Bidheann an talamh thorthamhail nuair a fhágtar bán í anois is aríst. Iognas go bhféadfadh an maitheas teacht thar n-ais chuici.
T. A iolra: Do dhíol an feirmeoir a thailte le linn ré an Tíogair Cheilteach is fuair sé pingin mhaith bhuatha.
T.T uatha: Do thit seón ar an dtalaimh agus bhris an gol amach tréna shúile.
T.T iolra: Do scaip Jimmy Mhaidhc an sciodar ar a thailtibh agus thá boladh braon um an nduthaigh so óshin.
T. G uatha: Do dhíbir an tighearna talmhan (talún/ talaimh) an sciológ bhocht ó'na bhotháin.
T. G iolra: Le linn an chúlughadh eacnamaidheachta tháinig meath ar phraghasanna na dtailte.
Focal eile:
fuinseog
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)