D'aimsíos an leabhar
Mo Thinteán Féin nuair a bhíos i gCorca Dhuibhne lé linn cúpla seachtain, leabhar atá scríobha lé Tomás Ó Conchubhair as Gleann na hUamha (Gleann na hUgha mar atá litrithe aige Tomás) atá suite i dTuaisceart Chorca Dhuibhne (an téarma ceart é seo?), is dóigh liom. Nuair a thosaíos á léamh, thugas fé ndeara na deifreacha atá i gcuid cainnte Thomáis ná cuid cainnte a lán cainteoirí Duibhneach (ar nós Peig Sayer agus Tomás Ó Criomhthain agus araile). Is féidir ana-chuid desna deifreacha so a dh'fheiscint ar an gcéad leathanach:
Quote:
"I think I heard a piscín when I was passing the house". B'shin iad na focail a labhair Mary Mhacha na Bó (Ní Dhomhnaill) ar an bhfichiú lá de Mheán Fomhair 1942. Bhí sí ag gabháil soir an bhóthair ónár dtig nuair a chuir duine des na comharsain ceist uirthi, "An bhfuil leanbh nua saolaithe thiar i dtig Tom Connor"? An freagra thuas, b'shin a thug sí agus ar an gcaoi sin sea tugadh le fios do mhuintir Dhuibhneach go rabhas tar éis teacht ar an saol. Ní raibh na modhanna nua aimsire le scéalta a scaipeadh ag muintir na linne sin agus atá againn anois. Seo é an piscín céanna, seanchat anois, i mbun phinn. Tháinig ceathrar dearthár agus driofúr amháin (Mossie, Mary, Dan, Charlie agus Máirtín) ar ball.
Dormer beag le trí sheomra leapan thuas staighre a bhí inár dtigne i nGleann na hUgha i gCorca Dhuibhne. Ba sa tseomra ag barr an staighre sea tháinig mé ar an saol. Seantig a bhí ann a tógadh dos na sappers a bhí ag cur na léarscáileanna ordanáis i dtol a chéile sa chéad leath den naoú haois déag. Tugadh 'Langford's House' air freisin mar go raibh fear leis an ainm sin ina chónaí ann ar feadh tréimhse agus é ina saoiste ag Lord Hexton i bhfeighil na gcaorach i Macha na Bó. Caoirigh Albanach a bhí sa ghleann ag an am. Bhí siopa beag sa teach níos déanaí. Mór an trua nach raibh sé amhlaidh le linn ár n-óige. Geallaimse duit go mbainfimís súp as na milseáin agus eile a bheadh ann. Bhí an tig folamh ar feadh scaitheamh ní foláir mar gur ann a lonnaigh muintir Fhlatharta nuair a díbríodh iad as a sealbhas de bharr ...
Is dóigh liom go bhfuil cuid cainnte Thomáis níos cosúla lésna canúintí atá labhartha i gCúige Chonnacht ná lé Gaelainn ChDh, ar shlite áirithe. Mar shampla, tá
sean- (gan séimhiú má tá
d, t, s á leanúint) in ionad
seana-, agus
deartháir (ach
driofúr) in ionad
driotháir, agus
aois in ionad
aos (ach is dóigh liom go mbíonn
aois á rá aige a lán daoine chómh maith), agus
freisin in ionad
leis nó
chómh maith. Chómh maith leis sin, tá an focal
teach aige in áit
tig(
h) go minic (ach níl sé sin lé feiscint sa leathanach thuas), agus buineann sé úsáid as an bhfocal
sea níos minice ná a bheinn ag súil leis, m.sh. 'Ba sa tseomra ag barr an staighre sea tháinig mé ar an saol.' in ionad 'Ba sa tseomra ag barr an staighre a tháinig [thánag?] ar an saol.'
Brón orm as an post ana-mhuar, agus go raibh míle maith agaibh as an gcuidiú.