32.14 Is féidir dhá chéadbheart chomhordaitheacha a chur as a chéile gan a múnla a athrú:
má thagann sé agus má fheiceann sé thú; dá dtiocfadh sé agus dá bhfeicfeadh sé thú.Ach is é is gnáiche an dara céadbheart a chur
- i riocht frása ainm bhriathartha: má théann sé isteach agus gan an caipín a bhaint de; má thugann tú turas ar an Róimh agus an Pápa a fheiceáil; mura dtaga sibh liom agus an fhleá a chaitheamh; dá n-éistfeá liom agus gan bheith ag síorchaint; dá mbuailfinn le Cárthach agus an iasacht a iarraidh air...
- i riocht fochlásal ráiteasach más má nó dá is tús don chéad chéadbheart: má thagann sé amárach agus go (nach) bhfeicfidh sé mé; dá bhfanaidís anuraidh agus go (nach) ngabhfaí iad ...
Ní foláir an fáistineach a úsáid sa dara clásal den chéad sampla chun an fáistineach a léiriú cé gurb é an gnáthláithreach atá sa chéad chlásal, agus an coinníollach a úsáid sa dara clásal den dara sampla d’ainneoin an foshuiteach caite a bheith sa chéad chlásal ar lorg dá.