Séamus O'Neill wrote:
Dia 's Muire dhaoibh go léir,
Dia ’s Muire dhuitse agus Pádraig, tá súil agam nách miste leat cúpla ceartuchán beag a dh’fháilt!
(Más miste, cuir in iúl dom é agus scriosfad an teachtaireacht.)
Tá do chuid Gaelainne maith go leor agus ní cainteoir dúthchais mise (agus ní mó cainteoir dúthchais a bhíonn anso, faraor) ⁊ mar sin is féidir gur dheineas-sa dearmhad anso is ansúd agus mé a dh’iarraidh do cheartaighthe, ach pé scéal é…
Séamus O’Neill wrote:
Is mise Séamus ('s é Naoi an ainm a bhím ag úsáid go minic air líne)
is Naoi an ainm a bhíonn á (h?)úsáid agamNílim cinnte an ceart
h- do chur roim
úsáid sa chás san (tuigim gur firinneach an ainm
Naoi, ach baininscneach an focal
ainm i nGaelainn Mhuimhneach). Ach ní gá
é do chur ansan idir an ainm agus an chopail, deirtar
… gurb Alba ab ainm don chrích sin,
is Páidraig ainm a mhic, srl. – ní ainmfhocal cinnte an focal nuair ná bíonn sé ag tagairt don nduine, ach don ainm féin.
Lasmuigh d’Iarthar na Mumhan, is féidir
an t-ainm a bhím a úsáid a rá – ach úsáidtar an réamhfhocal
do (lagaighthe do
a /ə/ + séimhiughadh) ansan seachas
ag (
an teach atáim a thógáil /
an teach atáim do thógbháil). Ach sa Mhumhain, don chuid is mó, deirtar na habairtí mar sin mar abairtí céasta:
an tigh atá (gh)á thógaint agam.
Séamus O’Neill wrote:
Chaitheas cuid maith de 'm shaol a' foghlaim an Ghaoidhealainn (dhá bhliadhain).
na Gaoidhealainne seachas
an Ghaoidhealainn (nú
na Gaelainne, nú pé leitriughadh eile) – dheinis dearmhad ar ginideach a dh’úsáid tar éis na hainme briathartha (ach táid cainteoirí dúthchais ann inniubh a déarfadh an abairt gan an ginideach leis).
Séamus O’Neill wrote:
Tá Gaeilge Chorca Dhuibhne lé Diarmuid Ó Sé ceannaighthe agam cheana féin
Déarfainn féin
Cheannaigheas Gaeilge Chorca Dhuibhne … cheana féin. Go traidisiúnta, mar a tuigtar dom, úsáidtar an struchtúr
tá X déanta agam nuair a dh’athraigh an cainteoir staid an ruda (
tá an fhuinneog briste agam ‘I have the window broken’,
do bhí sé mairbhthe agam ‘I had him killed’, srl.) ach ní húsáidtar nuair a bhíonn an cainteoir ag plé a staide, nú a thaithighe, féin (
do léigheas an leabhar ‘I have read the book’,
do dheineas dinnéar ‘I have made a dinner’, srl.) – ach aríst, deirtar rudaidhe mar
tá an leabhar léighte agam sa ló atá inniubh ann leis, cé nách modh traidisiúnta é sin.
Séamus O’Neill wrote:
ach daoine go bhfuilid siad ' n-a gcónaí 's a' taobh theas.
ach daoine atá ’na gcomhnaidhe…Ní féidir an clásal coibhneasta indíreach a dh’úsáid nuair is é ainmní an fhochlásail an réamhtheachtaidhe. Ní mar sin atá an scéal leis an gcuspóir díreach, is féidir idir
an fear a chonac nú
an fear go bhfeaca é a rá, tá an dá rud ceart, ach ní féidir ach
an fear a chonaic mé (níl
an fear go bhfeaca sé mé ann).