franc 91 wrote:
I am trying to find the transcription of the Irish-language film made by Robert J Flaherty 'Oídhche Sheanchais'. At the time a transcript was published by the authorities, but it doesn't seem to be on-line anywhere. Of course, there is the article with a transcription by Natasha Sumner, but costs 37 euros to download.
It's not perfect, somebody else might look through it to correct some words I missed.
Taréis an t-amhrán.
FEAR AN TÍ: Dia leat
BEAN AN TÍ: Anois a Sheáin.
Cé chaoi a thaithin sé sin leat a Mhaidhc?[leis an ngasúr]
FEAR AN TÍ: Tá an t-amhrán thart anois tá sé comh maith dhúinn, a Sheáin, píosa seanachas d’amhrán a thabhairt uaidh, nó go scéal a thabhairt uaidh.
SCÉALAÍ: Anú
FEAR AN TÍ: Déan a Sheáin. Má sé do thoil é.
AN BHEAN:Tabharfaidh sé go deimhin.
AN SCÉALAí: Caithfidh mé anú.
AN SCÉALAÍ: Ar chuala sibh an scéal seo ariamh faoi Mháirtín Con Rí agus faoina chlann.
MUINTIR AN TÍ:Níor chuala.
AN SCÉALAÍ: Bhí fear thiar, sa gcuid thiar do Chonamara, sa tsean-aimsir agus ba é a ainm Máirtín Mac Con Rí, bhí a bhean caillte agus bhí trúir mac aige. Ní raibh an mac b’óige acub, mar a dearfá, ní raibh aois aige. Ach bhí aois ag an mbeirt eile. Bhí sé tugha anuas ag an t-am sin go raibh banc iascach i gCuan an Adh Duibh, agus bhí báid deas as chuile cheard ag tíocht ag iascaireacht ann. Bhí go maith bhí na líonta amuigh ag chuile bháid an leithide seo go hoíche, agus bhí líonta amuigh ag clann Mháirtín Mhic Con Rí, mar a bheadh bád (?). Bhí an oíche thar cinn thar cinn thar cinn ulig, phlaoisc stoirm, phlaoisc báisteach, agus le fairgí móra.
Bhuel bhí clann Mháirtín Mhic Con Rí ag goil go dtí a gcuid líonta ar maidin, ag goil ann, nuair a d’éireadar, bhíodar ag ngabhadh féin faoi réir, agus labhair an t-athair aniar ón leaba leis an mac is sinne acub.
“Ó a mhic”, a dheirsan ” tabhair leat an píca atá ar chúl an dorais agus sáigh an splainc ann agus tabhair leat é”.
“Codáil anois, codáil anois”, a deir sé,” má tá codladh ort,” a deir sé.
“Ó a mhic,” a deir sé leis an darna mac, “ An dtabharfá tusa leat é?” a deir sé. “Cuir an phlúid faoi do shúile anois,” arsa an darna mac, “is ná bac leis”. “Ná bac linne”.
“A mhicín mo chroí,” a deir sé leis an tríú mac, “ tabhair thusa leat é, agus déan comhairle d’athair.”
“Déanfaidh mé comhairle m’athair” a deir sé. “Deanad”, a deir sé.
Rug sé ar an bpíce agus sháigh sé síos insan splainc sa tine é, agus thug sé leis an píce ina láimh ag imeacht dhó.
Chuaigh sé ag an mbád, chaith sé isteach an píce agus an splainc ar bhalast an bháid. Agus d’imigheadar leob, go ndeacheadar ag a gcuid líonta agus os cionn a gcuid líonta. Agus bhí bád ag goil isteach is bhí bád ag goil amach, agus chuile bhád a báigh, a báigh.
AN BHEAN: “Go bhfoire Dia oraim,Dia a réiteach, is bocht an scéal é”.
AN SCÉALAÍ: Is bocht an scéal é. Bhuel chonaiceadar an fharraige mhór ag tíocht go dtí iad féin
AN BHEAN: Na créitúir. An bhfoire Dia orainn.
AN SCÉALAÍ: Bhí sí chomh hard is chomh mór.
“Ó a dhréartheachaí”, a deir an mac is sinne, “tá muid báite anois go díreach”.
“Tá,” a deir an darna mac.
Ní rinne an tríú mac ach breith an an bpíce agus ar an splainc agus chaith in éadan na farraige é. Léagh sé ??. Leágh sí amach. Smóiláilte, níor fhan farraige, ná feoin, ná gála, ná tada.
AN BHEAN: Buíochas le Dia.
AN SCÉALAÍ: Bád ar bith a bhí báite insan aimsir bhí sí báite, bád ar bith a bhí beo bhí sí beo. D’imigheadar, tháinigeadar abhaile, agus tháinigeadar i dtír san áit a bhí acub le thíocht i dtír. Bhí hocht mbainteach déag agus trí ficéad ar an trá, lúnta, is ní raibh an méid sin baintreachaí ann gan go leor leor daoine óga ina measc.
AN BHEAN: Anois a Mhichael.
AN SCÉALAÍ: Chuaigheadar abhaile. Faoi cheann cheithre mhí ina dhiaidh tháinig duine usal iontach faoina charoline ard mór iontach ag doras Mháirtín Mhic Con Rí ag titim na hoíche. Agus capall breá álainn ceart dubh aige agus scréad bhán ina héadan abhí chomh geal le meall sneachta.
“A Mháirtín Uí Con Rí”, a dúirt sé “an bhfuil tú istigh?”
“Táim, “ arsa Máirtín mhic con Rí. Chuaigh sé amach.
“Céard atá uait a dhuine usal?”, arsa leis
“Dá mbé do thoil é,”a deir an duine usal breá “an ligfá do mhac in éindí liom go ceann uair amháin a chloig? Is mo mhóid is mo fhocail duit go dtabharfá mé isteach abhaile slán sábhailte aríst agad é”
“ligfidh a dhuine usal, “ arsa Máirtín Mhic an Rí “agus fáilte”.
“B’fhéidir nach gcaillfá tada leis”a deir sé.
Chuaigh an fear suas ar a chúla, chuaigh an stócach suas ar a chúla. D’imigh leob. Ní raibh said dhá fhad an chapaill ón doras nuair a nach raibh’s aige cén ceard cén áit ar thalamh an domhain a raibh sé. Bhíodar ag imeacht go dtáinigadar ag doras caisleán breá, álainn, ceart, go chúirt iontach. D’iarr an duine usal an doras a oscailt, agus osclaíodh, agus chuaigheadar isteach. Bhíodar ag goil isteach ó seomra go seomra go shiúileadar an oiread seo seomraí agus chuile sheomra acub níos bréaghta ná an ceann eile. Go ndeacheadar isteach i seomra a bhí lán le mná óga breá.
AN BHEAN: ????? acub sin. 8.22 nóim
AN SCÉALAÍ: Agus bhí bean mór thuas insan leaba. Bhí cosa píce amach ón éadach.
“Tarraing é seo, arsa an duine usal más tú a chur inte é,” a deir sé. “Sin í Banríon na Bruíone agus mise Rí na Bruíone.
AN BHEAN: Ó a Mhaighdeán bheannaithe.
AN SCÉALAÍ: Rug séisean ar an bpíce, agus chuir sé na cosa dearg leis an bpíce, agus tharraing sé amach as a taobh an píce agus an splainc.
“Go raibh maith agad,” arsa an bhean óg, “go raibh maith agad.” ar sise. “Agus ní móide go gcaillfá tada leis. Déanfaidh mise b’fhéidir beagan leasa dhuit,” ar sise. “Mise an toinn bháite a bhí ag imeacht an oíche sin” ar sise, “agus a bhádh an méid sin daoine. Agus ní móide gur dona di thusa an méid sin atá déanta ‘ad. Is mé a thóig an fharraige agus an gála an oíche sin, “ ar sise.
Chuaigh sé amach, an duine usal, nuair a bhí an píce tarraingaithe. Agus shiúil séisin amach ina dhiaidh, go ndeachadar ar an gcapall aríst, go dtúg sé slán sábháilte isteach abhaile ag a athair é.
AN BHEAN: Anois a Phatch.
AN SCÉALAÍ: Faoi cheann trí bliana ina dhiaidh bhí sruth séain agus sonas ar Mháirtín Mhic Con Rí agus ar a mhéid, agus faoi cheann trí bliana ina dhiaidh cheannnódh sé Cuan an Adh Duibh agus a raibh ann, agus faoi trí bliana eile ina dhiaidh cheannódh sé an páróiste ina raibh sé ann ulig. Sin é mo scéalsa anois, agus ní mise a chum é ná a cheap é.
AN BHEAN : Go gcoinne Dia do shaol is do shláinte dhuit a dheartháir. ???
FEAR AN TÍ: Go raibh maith agat a Sheáin. Is breá an scéal é.
AN BHEAN: Is breá an scéal é.
Críoch.
https://www.youtube.com/watch?v=yLwKKw6QqV4EDIT: I did a few changes.