It is currently Sat 13 Jun 2026 5:46 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 9 posts ] 
Author Message
PostPosted: Wed 13 Apr 2016 12:38 pm 
Offline
User avatar

Joined: Tue 15 Nov 2011 7:35 am
Posts: 1098
If Irish were to slip away, how credible do ye think speaking it would be long term?

_________________
__̴ı̴̴̡̡̡ ̡͌l̡̡̡ ̡͌l̡*̡̡ ̴̡ı̴̴̡ ̡̡͡|̲̲̲͡͡͡ ̲▫̲͡ ̲̲̲͡͡π̲̲͡͡ ̲̲͡▫̲̲͡͡ ̲|̡̡̡ ̡ ̴̡ı̴̡̡ ̡͌l̡̡̡̡.___


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 13 Apr 2016 5:12 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Sílim go mbeidh daoiní ann go deo a bhfuil suim acu sa Ghaeilg agus a bheas ag iarraidh í a labhairt. Beidh cúrsaí mar atá siad inniu ó thaobh na Coirnise agus na Manainnise dó.
Mar sin féin, níl mé cinnte go mbeidh a gcuid Gaeilg rómhaith: fiú amháin inniu, gidh go bhfuil cuid mhór cainteoirí dúchais fágtha, cha bhíonn an chuid is mó do na foghlaimeoirí ag iarraidh labhairt mar chainteoir Gaeltachta. Beidh sé níos measa nuair nach mbeidh cainteoir dúchais ar bith fágtha.

Sin an rud a d'úrt John Ghráinne (seanchaí cáiliúil as Rann na Feirste, i dTír Chonaill): "sílim go mairfidh an Ghaeilg ach ní thuigfidh mé í" (ie. "beidh sí iomlán difriúil ó mo theangaidh dhúchais féin").

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 13 Apr 2016 5:36 pm 
Offline
User avatar

Joined: Tue 15 Nov 2011 7:35 am
Posts: 1098
Quote:
cha bhíonn an chuid is mó do na foghlaimeoirí ag iarraidh labhairt mar chainteoir Gaeltachta. Beidh sé níos measa nuair nach mbeidh cainteoir dúchais ar bith fágtha.


Níl suim ag iomaí daoine chuig Gaeilic na Gaeltachta a fhoghlaim; bíonn sí ró-dheacair, ró-neamhfhaiseanta agus i bhfad amach ina dtuairimí.

Bhí mé ag fiafraigh an cheist: mura mbeadh an Ghaeilic beo, ar chor ar bith, cén sórt creidiúna a bheadh fágtha. Bheadh gach duine ina bhfoghlaimeoirí, agus níl aon chaighdeáin (nó caighdeáin láidre) in ann, tuigim, agus saoirse leathan ag gach duine a chur aon chasta uirthi, cibé tallans a bhuileanns iad.

_________________
__̴ı̴̴̡̡̡ ̡͌l̡̡̡ ̡͌l̡*̡̡ ̴̡ı̴̴̡ ̡̡͡|̲̲̲͡͡͡ ̲▫̲͡ ̲̲̲͡͡π̲̲͡͡ ̲̲͡▫̲̲͡͡ ̲|̡̡̡ ̡ ̴̡ı̴̡̡ ̡͌l̡̡̡̡.___


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 13 Apr 2016 11:25 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Bhí mé ag fiafraigh an cheist: mura mbeadh an Ghaeilic beo, ar chor ar bith, cén sórt creidiúna a bheadh fágtha. Bheadh gach duine ina bhfoghlaimeoirí, agus níl aon chaighdeáin (nó caighdeáin láidre) in ann, tuigim, agus saoirse leathan ag gach duine a chur aon chasta uirthi, cibé tallans a bhuileanns iad.


nach sin atá le feiceáilt sa lá inniu cheana féin taobh amuigh don Ghaeltacht?

Quote:
Níl suim ag iomaí daoine chuig Gaeilic na Gaeltachta a fhoghlaim; bíonn sí ró-dheacair, ró-neamhfhaiseanta agus i bhfad amach ina dtuairimí.


creideann siad gur féidir teangaidh a labhairt i gceart gan labhairt mar na cainteoirí dúchais (faghthar amadáin mar sin sa Bhriotáin fosta). Samhlaigh duine atá ag foghlaim Spáinnise, nach bhfuil ag iarraidh labhairt le cainteoirí dúchais Spáinnise ná labhairt mar a labhras siad sin. Lol.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 16 Apr 2016 8:22 am 
Offline
User avatar

Joined: Tue 15 Nov 2011 7:35 am
Posts: 1098
Quote:
nach sin atá le feiceáilt sa lá inniu cheana féin taobh amuigh don Ghaeltacht?


Go minic, mar is eol duit, bíonn sí an riocht céanna an chuid is mó gho theangacha mionlacha atá ag lagú i gcoinne teanga eile atá níos láidre.

Quote:
creideann siad gur féidir teangaidh a labhairt i gceart gan labhairt mar na cainteoirí dúchais


Bhuel, dúradh leo ina n-óige, go bhfuil siad ina gcainteoirí dhuchasa, agus dúradh aríst sa scoil, agus dúirt siad é ina gcinn aríst agus aríst eile, agus anois creideann siad é.

_________________
__̴ı̴̴̡̡̡ ̡͌l̡̡̡ ̡͌l̡*̡̡ ̴̡ı̴̴̡ ̡̡͡|̲̲̲͡͡͡ ̲▫̲͡ ̲̲̲͡͡π̲̲͡͡ ̲̲͡▫̲̲͡͡ ̲|̡̡̡ ̡ ̴̡ı̴̡̡ ̡͌l̡̡̡̡.___


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 16 Apr 2016 10:11 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
Bhuel, dúradh leo ina n-óige, go bhfuil siad ina gcainteoirí dhuchasa, agus dúradh aríst sa scoil, agus dúirt siad é ina gcinn aríst agus aríst eile, agus anois creideann siad é.


bhail, an chuid acu a théid 'na Gaeltachta, caithfidh go dtabhrann siad fá dear lom láithreach nach bhfuil sé fíor :mrgreen:

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 17 Apr 2016 8:10 am 
Offline
User avatar

Joined: Tue 15 Nov 2011 7:35 am
Posts: 1098
Ach ní bhíonn siad sa Ghaeltacht :)

_________________
__̴ı̴̴̡̡̡ ̡͌l̡̡̡ ̡͌l̡*̡̡ ̴̡ı̴̴̡ ̡̡͡|̲̲̲͡͡͡ ̲▫̲͡ ̲̲̲͡͡π̲̲͡͡ ̲̲͡▫̲̲͡͡ ̲|̡̡̡ ̡ ̴̡ı̴̡̡ ̡͌l̡̡̡̡.___


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 17 Apr 2016 10:16 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Thig leofa ghabháil ar saoire 'na Gaeltachta, cúrsa Gaeltachta a dhéanamh...

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 17 Apr 2016 10:42 am 
Offline
User avatar

Joined: Tue 15 Nov 2011 7:35 am
Posts: 1098
Tá siad in ann, ach má cheapanns tú go bhfuil tú i do chainteoir duachais, níl ga air. Tá an Ghaeilic ionat, ort, agat agus leat anois agus go deo!

_________________
__̴ı̴̴̡̡̡ ̡͌l̡̡̡ ̡͌l̡*̡̡ ̴̡ı̴̴̡ ̡̡͡|̲̲̲͡͡͡ ̲▫̲͡ ̲̲̲͡͡π̲̲͡͡ ̲̲͡▫̲̲͡͡ ̲|̡̡̡ ̡ ̴̡ı̴̡̡ ̡͌l̡̡̡̡.___


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 9 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot] and 335 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group