galaxyrocker wrote:
A Redwolf,
'Bhfuil tú in ann sámpla a thabhairt dhoma as Cruinneas?
Sámpla thios:
Clann/teaghlach/muintirIs ionann
clann agus na páistí a bheirtear do thuismitheoirí. Is é atá i
teaghlach agus
muintir ná an líon tí go léir, idir pháistí agus tuismitheoirí agus daoine muinteartha. B'ait an rud é, mar sin, déagóir a rá go bhfuil ochtar ina chlann nó gur chaith sé an Nollaig lena chlann.
Tá ochtar sa teaghlach agus
Chaith mé an Nollaig le mo mhuintir atá i gceist aige dáiríre. Úsáitear
clann chomh maith le trácht ar shinsir daoine nó de ghrúpa daoine arb ionann sloinne dóibh:
Duine de Chlann Uí Ruairc é