It is currently Sat 09 May 2026 3:12 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 1 post ] 
Author Message
 Post subject: Comhrá '15
PostPosted: Thu 30 Jul 2015 10:22 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3444
Location: Cill Dara
Seo cóip den ríomhphost:

A chara,

Tá súil againn go bhfuil tú go maith!

Tá súil againn gur bhain tusa agus do ghrúpa sult as an bpáirt a ghlac sibh i gComhrá ’14 anuraidh. B’iontach an rud é an churiarracht a bhaint amach don chomhrá Gaeilge is faide riamh agus a bheith ag obair libh chun an sprioc sin a bhaint amach.

Creid é nó ná creid, táimid ag iarraidh an rud ar fad a dhéanamh arís agus an churiarracht sin a shárú!

170 uair a’ chloig an babhta seo, ó 6 – 13 Deireadh Fómhair 2015, agus tá súil againn go mbeidh sibh linn arís!

Ní fhéadfaimis é a dhéanamh anuraidh gan an tacaíocht ar fad uaibhse, mar sin tá súil againn go mbeidh sibh ábalta cabhrú linn arís i mbliana agus a bheith mar chuid d’ócáid stairiúil agus spraíúil ar son na Gaeilge! Táimid ag déanamh teagmhála ar dtús leis na grúpaí a ghlac páirt anuraidh chun an chéad rogha a thabhairt daoibh ó thaobh dátaí agus amanna de, tá súil againn go gcabhróidh sé seo libh.

Tá eolas faoi Comhrá’15 agus conas páirt a ghlacadh ann thíos. Má tá aon eolas breise ag teastáil uait, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn ag comhra@cnag.ie nó +353 (0)1 4757401 (oifig Sheachtain na Gaeilge)!

Ag súil go mór le cloisteáil uaibh!

Le gach dea-ghuí,

Brenda Ní Ghairbhí & Sinéad Ní Dhomhnaill
Comhrá ’15

* * * * * * * * * * * *
COMHRÁ’15
Beidh grúpaí éagsúla ar fud an domhain ag eagrú ciorcail chomhrá ar feadh uair a chloig agus beidh siad ar fad san áireamh in amchlár a leanfaidh ar feadh breis is seachtain GAN STAD ó 6 - 13 DEIREADH FÓMHAIR. Déanfar an comhrá a shruthú beo ar snag.ie agus beidh deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh trí twitter le#comhrá. Tá súil againn i mbliana níos mó teagmhála idir na grúpaí a éascú nuair atá an comhrá ag bogadh ó ghrúpa go grúpa.

GLAC PÁIRT
1. Féach ar Amchlár Comhrá ’15 ag an nasc seo agus roghnaigh an t-am nó na hamanna is oiriúnaí do do ghrúpa:https://docs.google.com/spreadsheets/d/1rPqTv4GfOt08B5a6RM7Mf_f9Qo4fq8T0w5wSLpHH6sI/edit#gid=0

Cúpla nod:
Beimid fíorbhuíoch agus sásta má tá sibh ábalta páirt a ghlacadh ag aon phointe le linn na seachtaine ach má tá aon solúbthacht agaibh, bheadh sé iontach dá bhféadfadh sibh an t-eolas seo a leanas a chur san áireamh & sibh ag roghnú ama:
· Bíonn an-tóir ar amanna idir 9rn – 4in i measc scoileanna mar sin bheadh sé iontach, má oireann sé daoibh, am a thógáil lasmuigh de na huaireanta sin chun cabhrú linn áiteanna a chur ar fáil do scoileanna
· Bíonn na hamanna ag an deireadh seachtaine deacair le líonadh mar sin bheadh sé iontach, má oireann sé daoibh, cabhrú leo siúd

2. Cláraigh do Chomhrá '15 leis an fhoirm a líonadh ag an nasc seo: http://goo.gl/forms/24u9sXCNVF

3. Beidh foireann Comhrá ’15 i dteagmháil leat (le do theagmhálaí) leis an am a dheimhniú agus cuirfear níos mó eolais, treoracha agus riachtanais teicneolaíochta agus pacáiste tacaíochta chuig an ngrúpa.


--
Foireann Thaca Comhrá ’15
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

+353 (0)1 4757401 | comhra@cnag.ie | http://www.snag.ie/comhra | #comhra

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 1 post ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 312 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group