It is currently Fri 23 Aug 2019 9:01 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 37 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4  Next
Author Message
PostPosted: Fri 09 May 2014 12:10 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
And of course there's this -

https://soundcloud.com/roibeard/aon-d-m ... hla-rabhla

https://soundcloud.com/roibeard/2-ha-am ... ach-rabhla

taken from Rabhlaí Rabhlaí, courtesy of Roibeard Ó Cathasaigh

and there's this song that you'll find in the book and CD Tídil Eidil Éró (978 0 9060 9614 7)

www.youtube.com/watch?v=x9i5DQLna1L - Muintir Uí Shé - Sé Bacach Buí na Léige


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 09 May 2014 12:43 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
And this - Damhsa na gCoiníní - le Lasairfhíona Ní Chonaola

http://www.youtube.com/watch?v=Gbv-RhDMQDA


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 09 May 2014 5:43 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
Damhsa na gCoiníní

Damhsa na gcoiníní i ngarraí na heorna,
An coinín ab óige acu, briseadh a chos
An coinín ba sine acu, rinne sé uachta
Is thit sé ar a thóin i dtoimín an bhroibh.

Coiníní beaga agus coiníní móra,
Coiníní beaga ag damhsa sa mbrobh;
Coiníní beaga agus coiníní móra,
An coinín ab óige briseadh a chos.

Measann tú an dtiocfaidh sé? An dtiocfaidh sé? An dtiocfaidh?
Measann tú an dtiocfaidh sé, an dtiocfaidh sé anocht?
Tá a fhios agam nach dtiocfaidh sé, dtiocfaidh sé, dtiocfaidh sé
Tháinig an sneachta air, 's chodail sé amuigh.

I ngarraí na gcopóg, i ngarraí na gcopóg,
I ngarraí na gcopóg, 'sea chodail sé amuigh!
I ngarraí na gcopóg, i ngarraí na gcopóg
I ngarraí na gcopóg, 'sea d'imigh sé leis!

Ní mheallfaidh tú mise, ní mheallfaidh tú mise,
Ní mheallfaidh tú mise le blandar ná ceol
Ni mheallfaidh tú mise, ní mheallfaidh tú mise
Ní mheallfaidh tú mise le cead gine óir!

Casadh liom coinín ar maidin Dé Domhnaigh
I ngarraí Mhaol Ruanaigh 's é ag 'ul soir
Maide ina ghlaic aige ' é déanamh siúl leis
An coinín is óige, briseadh a chos.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 10 May 2014 9:02 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2763
:good:

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 13 May 2014 3:29 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
Here's another song from Cran - it was addressed to children so I suppose you could call it a children's song.
I quote this time from Wikipedia (Irish Songs) -
Na Ceannabháin Bhána 'The Fair Canavans' is a song in slip jig time from Carna in Connemara County Galway. It was collected by Séamus Ennis from Colm Ó Caoidheáin who is thought to have written it for his two fairhaired (bán) grandchildren whose surname was Canavan / Ó Ceannabháin. The title of this piece of music when played without lyrics has been mistranslated as The White Cotton Flowers or The Fair Cotton Flowers due to the similarity with the Irish word for bog cotton i.e. Ceannbhán to the surname Ó Ceannabháin which actually derives from the earlier Ceanndhubháin (a branch of the Uí Bhriúin Seola) meaning a descendant of Ceanndhubhán 'blackheaded' i.e. 'blackhaired'. One story of the song's meaning is of a grandparent calling out for the two fair haired children, who are hiding amongst the bog-cotton of their namesake. The second verse relates to the frustration of their refusal to reveal themselves, with the threat of being put up with the local witch 'Sadhbh Sheáin' who will put a curse on them.

Goirim fhéin, goirim fhéin goirim fhéin,
Goirim fhéin Micil 's Máire
Goirim fhéin, goirim fhéin, goirim fhéin,
Siúd iad na Ceannabháin Bhána

Cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé,
Cuirfidh mé suas chuig Sadhbh Sheáin thú
Cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé
'S cuirfidh mé sí buairthín sa ngleann ort

I summon you, I summon you, I summon you
I summon you Michael and Mary
I summon you, I summon you, I summon you
The fair little Canavans

I'll send you, I'll send you, I'll send you
I'll send you up to Sadhbh Sheáin's
I'll send you, I'll send you, I'll send you
And she'll put a curse (lit. a small worry) on you in the glen

http://www.youtube.com/watch?v=QejBl2OuPWU

Cran on RTÉ - courtesy of Ronan Browne


Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 13 May 2014 3:45 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2763
The Ceannabháins are a famous multi-generational musical family from Carna too.

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 30 May 2014 9:01 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
Is crann láidir mé, mo chosa sa chré
Mo ghéaga ag luascadh
Go bríomhar sa ghaoth

Na duilleoga glasa ag damhsa go gasta
Is mé atá sásta
Is crann láidir mé.


Aon dó, aon dó trí
Rógairí ag déanamh spraoi
Aon dó, aon dó trí
Piliúirí ag na rógairí
Siar is aniar leis na piliúirí
Sall is anall leis na rógairí
Umf! Amf! Hí! Hí! Hí!
Seachain, seachain na piliúirí
Aon dó, aon dó trí
Rógairí ag déanamh spraoi
Aon dó, aon dó trí
Piliúirí ag na rógairí
Féach anois, phleasc na piliúirí
Cleití, cleití ar fud an tí
Umf! Amf! Hí! Hí! Hí!
Rógairí ag déanamh spraoi!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 30 May 2014 9:09 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
TIGH EOGHAINÍN (ó Rabhlaí Rabhlaí)

Rann dréimire é seo a thaitin go mór leis na leanaí. Dar ndóigh, tá an rann seo ar aon dul le 'This is the house that Jack built'. Is féidir an rann seo a insint ina shlabhra, ag tosnú le guth amháin agus guthanna breise a thabhairt isteach san insint de réir a chéile, mar atá le clos ar an taifead. Toisc gur rann cuíosach fada an rann seo tá an chaoi ar an rang ar fad a bheith páirteach san insint.

TIGH EOGHAINÍN

Sin é Eoghainín.

Sin é an tigh
A thóg Eoghainín.

Sin é an comhra, (an córa a deirtear)
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin í an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin é an francach, - :D
A d'ith an eorna, (A dh'ith atá sa chanúint)
A bhí sa chomhra
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin é an cat,
A mharaigh an francach, - :cry: (A mhairibh a' frauncach a deirtear)
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin é an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, - :cry:
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin í bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, - :cry:
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin í cailín deas na gruaige finne,
A chrúige bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, - :cry:
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin é fear na féasóige is na ngiobal,
A phóg cailín deas na gruaige finne, - :no:
A chrúigh bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, - :cry:
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh,
A thóg Eoghainín.

Sin é an sagart paróiste cóir ceart cliste, :aingeal:
A phós fear na féasóige is na ngiobal,
A phóg cailín deas na gruaige finne, - :no:
A chrúigh bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, - :cry:
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.

Sin é an ceolaí coiligh,
A ghlaoigh ar an sagart paróiste cóir ceart cliste, - :aingeal:
A phós fear na féasóige is na ngiobal,
A phóg cailín deas na gruaige finne, - :no:
A chrúigh bó na hadhairce caime,
A rop an madra,
A rug ar an gcat,
A mharaigh an francach, - :cry:
A d'ith an eorna,
A bhí sa chomhra,
A bhí sa tigh
A thóg Eoghainín.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 30 May 2014 9:18 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2763
maith 'fear Franc :good:

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 20 Aug 2014 8:15 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 1950
Location: 91 - France
These are from Seoda ár Sinsear compiled by Eddie Bheairtle Ó Conghaile (I might have posted the first one here before, but never mind)

Tháinig an Dreoilín

Tháinig an dreoilín go doras tí an táilliúr'
Bhuail sé cic air is bhain sé clár as
'Cuir amach mo chasóigín is veilbhit lena chába
Nó beidh mé ag gabhail de mhaide ort go
mbrise mé do chnámha'.

Seo é an rann ab fhearr le gasúir sna naíonáin agus i rang a haon le mo linnse i.e. trí scór bliain ó shin.

Bhí fear ann fadó...

Bhí fear ann fadó, agus fadó bhí,
Cheannaigh sé láí agus ba deas an láí í,
Bhain sé spreaibín, agus ba deas an spreaibín í,
Bhí neaidín faoin spreaibín, agus ba deas an neaidín í,
Bhí uibhín sa neaidín agus ba deas an uibhín í,
Bhí éinín san uibhín agus ba deas an t-éinín é,
Bhí drioball ar an éinín chomh fada la mo mhéirín,
Sin deireadh le mo scéilín 's nach deas an scéilín é.

Lúrabóg, Larabóg

Lúrabóg, Larabóg,
Buí Ó Néill,
Néill an plobán,
plobán súlach,
Súil na seicne,
Seic na meilleach,
Ál na gcoileach,
Súistín, buailtín,
Maidí beaga péicín
Buile beag ar bharr na coise,
'S crap isteach an fhídeog.

Cluiche teallaigh é seo. Suíonn gasúir thart i bhfáinne nó i líne agus cuireann siad a gcosa amach. Bíonn slat nó maide beag ag duine amháin ar a n-aghaidh amach agus leagann sé a bharr ar chois gach uile dhuine acu i ndiaidh a chéile agus é ag rá an rainn thuas ag an am céanna. Nuair a thagann sé go dtí "an fhídeog" tugann sé buaille crua don chois sin mura mbíonn sí sciobtha isteach go beo tapa ag an té ar leis í.

Fear na Gealaí

Bhí buachaill beag ann fadó agus is minic nuair a bhíodh sé deireanach san oíche, a chuirtí amach é ag iarraidh uisce chuig an tobar.
Bhí oíche amháin ar cuireadh amach chuig an tobar é agus bhí a bhuicéidín aige agus bhreathnaigh sé suas san aer agus chonaic sé an ghealach, agus dúirt sé leis féin: 'Ó,' a deir sé, 'faraor gan mé thuas sa ghealach.'
Ach an oíche sin chuir Dia fios air agus thug sé suas sa ghealach é agus tá sé thuas riamh ó shin ann agus a bhuicéad ina láimh aige agus nuair a bhíonn an ghealach lán i gcónaí bíonn tú in ann é a fheiceáil, fear na gealaí.

Voilà ;)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 37 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4  Next

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot], Majestic-12 [Bot] and 5 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group