Blaiseadh den Ghaeilge ar fáil i nGaelchultúr
Is minic toil ag daoine Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt ach go mbíonn faitíos orthu de bharr easpa muiníne nó de bhrí go raibh drochthaithí acu agus iad ag foghlaim na teanga ar scoil. Ar tharla sé duitse riamh, mar shampla, gur theastaigh uait do chuid Gaeilge a chleachtadh ach gur cheap tú nach raibh tú maith go leor? Ar smaoinigh tú ar chúrsa Gaeilge a dhéanamh ach gur shocraigh tú gan tabhairt faoi ar eagla nach dtaitneodh an múinteoir leat nó go mbeifeá i do cheap magaidh i seomra lán cainteoirí dúchais?
Ná bí buartha a thuilleadh: beidh deis agat freastal ar imeacht de chuid Ghaelchultúir ag tús mhí Feabhra, blaiseadh a fháil de rang agus, más mian leat, labhairt le duine dár múinteoirí, a dhéanfaidh do chumas sa teanga a mheas le cinntiú go mbeidh tú i rang a bheidh díreach ceart duit.
Beidh an t-imeacht seo, Blaiseadh den Ghaeilge, ar siúl i gceannáras Ghaelchultúir ar Shráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn, 1 Feabhra. Buail isteach chugainn ar an uair nó ar an leathuair idir 2.00pm agus 4.30pm, agus déanfaimid do chumas a mheas. Ina dhiaidh sin, beidh deis agat freastal ar rang Gaeilge fiche nóiméad, rud a thabharfaidh blaiseadh duit den stíl mhúinteoireachta a úsáidimid. Beidh tú in ann clárú do chúrsa an earraigh freisin, más mian leat, ach ní bheidh seo riachtanach.
Mura mbíonn tú saor le freastal ar an ócáid thuasluaite, beidh deis agat tabhairt faoi mheasúnú in ionad Ghaelchultúir ar an 28, 29 nó 30 Eanáir. Má bhuaileann tú isteach am ar bith idir 5pm agus 7pm, déanfaidh duine de mhúinteoirí na cuideachta do chuid Gaeilge a mheas agus déarfar leat cén rang ab fhearr a d’fheilfeadh duit. Beidh an measúnú seo saor in aisce, ní thógfaidh sé ach timpeall fiche nóiméad agus ní gá é a chur in áirithe roimh ré.
Tá ranganna Gaeilge do dhaoine fásta á dtairiscint ag Gaelchultúr le beagnach deich mbliana anois agus acmhainní den chéad scoth forbartha againn i gcaitheamh an ama sin. Tá an bhéim inár gcuid ranganna ar an teanga labhartha agus bainimid úsáid as cur chuige nua-aimseartha foghlaimeoirlárnach. Bí linn, mar sin, do Bhlaiseadh den Ghaeilge go bhfeice tú féin chomh taitneamhach, chomh tairbheach agus chomh spraíúil is atá na ranganna seo.
Cuirfear tús le cúrsa earraigh Ghaelchultúir Dé Luain, 3 Feabhra, agus beidh ranganna ar fáil ag suas le sé leibhéal éagsúla, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. €200 an costas atá ar an gcúrsa deich seachtaine.
Is iad seo thíos na leibhéil a bheidh ar fáil:
• Bunrang 1
• Bunrang 2
• Meánrang 1
• Meánrang 2
• Ardrang 1
• Cruinneas sa Ghaeilge 1
Is cuma, mar sin, cé acu atá tú i do ghlantosaitheoir, cuibheasach líofa ach as cleachtadh nó go díreach ag iarraidh barr feabhais a chur ar do chuid gramadaí, tá rang ag Gaelchultúr duit.
Tá eolas cuimsitheach le fáil faoi ranganna oíche an earraigh anseo. Chun bróisiúr na ranganna a íoslódáil, cliceáil anseo.
Is féidir áit a chur in áirithe anois ar
www.gaelchultur.com nó trí scairt a chur ar 1890 252 900 nó ar (01) 484 5220.
_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.