It is currently Fri 14 Dec 2018 2:11 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 38 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4
Author Message
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Tue 21 Aug 2012 11:50 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
An Cionnfhaolach wrote:
An í comáint an focal gnách i gCorcaigh? nú an í ciomáint a bhí i gcéist agat?

Is í "comáint" an focal gnách. Is minic a bhíonn "c" caol sa tosach de fhocal i gCorca Dhuibhne, ach tá sé leathan i gCorcaigh nó an chuma eile.
Mar shampla: cimeád/coimeád

Quote:
an focal le haghaidh "drive- drive cattle- eallaigh nú bó a chiomáint" i nGaoluinn na Mumhan. Measaim gurb é tiomáint an focal i gCúige Connachta.
Ach nuair a bhídís ag iarraidh focal a chruthughadh i gcomhair "drive a car"- phriocaidís tiomáint. Mar san fós i nGaolainn na Mumhan deirtear ciomáint nuair atháid ag bagairt/ ciomáint na ngamhna agus tiomáint nuair atháid ag tiomáint c(h)airr. Tagann iomáint nú iomáiníocht (hurling- to drive forward) ó'n bhfréaimh céanda.

I dtosach an fichiú haoise, ba é seo an bhrí leis na focalaibh "tiomáint" agus "comáint":
ag comáint = "driving" gach ainmhí seachas capaill
ag tiomáint = ag tiomáint an chairr, agus "ag comáint na gcapall".

I nGaelainn na bhfile (Caighdeán na bhfili, 1200-1600), baineadh úsáid as "tiomáint" leis an brí "to drive (only horses)".

Quote:
An gcuireann na corcaígh "t" ag deireadh éigin, éigint a áirímse do ghnách.

Ní chuireann, Ní fheadar cad é an fáth mar is gnáth an "t" sin a rá sa Mhumhain.

Quote:
buaibh :good: , ach anois is aríst chímse bóibh leis.

Ní airíos "bóibh". :GRMA:

Quote:
An bhó agus ar an mbóin? nach ea?

An bhó, cinnte. Cḣím an buailte im' aigne agus ansan, ní scríobhaim é! :D

"Boin" i gCorcaigh.

Quote:
An leogfaidh chímsa é ins an litridheacht agus tuigim go gcialaíonn sé ligfidh ach níor áiríos é sa chainnt riamh- an bhfoghraítear é mar lowg- hig?

Lowg-hig, cinnte. :good:

Quote:
T. G uatha: Do dhíbir an tighearna talmhan (talún/ talaimh) an sciológ bhocht ó'na bhotháin.

Tá an ginideach "talaimh" fireann (fé mar atá "talamh" fein), ach is baineann atá an ginideach "talún".
Mar shampla: ar droim na talún.

Focal éagsúlach is ea é! (nó í, b'fheidir!)

Quote:
Focal eile:
fuinseog

T.A. uatha: Is álainn an crann í an fhuinseog san, cumhdaímís í!
T.A. iolra: Leagadar na fuinseoga lá arna mhaireach, gach fuinseog sa choill, agus geallaim dhuit, níorbh chóir dóibh é sin a dhéanamh.
An chuid eile:
A Shéamais, Stad anois!
Cad ina thaobh? Nílim ach ag dreapadh na bhfuinseog. Is í seo an tarna ceann a dhreapas.
Ní ceadaítear duit aon.......Aililiú! Táir-se ar bharr na fuinseoige! Téir síos anois!
Ach, a Cháit, táim ar an gcraoibh is treise is daingne atá ag an bhfuinseoig mhóir seo.
Im briathar, Is craobh ghuagach í an chraobh san, níl ach croabhacha guagacha aigesna fuinseogaibh na páirce seo. Téir síos

An chéad fhocal eile:
Manach.

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Tue 21 Aug 2012 2:46 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3500
Location: An Astráil
An Cionnfhaolach wrote:
Measaim gurb é tiomáint an focal i gCúige Connachta.

tomáint in Iorras Aithneach; tumáilt is gCois Fhairrge.

_________________

WARNING: Intermediate speaker - await further opinions, corrections and adjustments before acting on my advice.
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Thu 23 Aug 2012 1:47 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
Breandán wrote:
An Cionnfhaolach wrote:
Measaim gurb é tiomáint an focal i gCúige Connachta.

tomáint in Iorras Aithneach; tumáilt is gCois Fhairrge.


GRMA, ach dóigh'l gurb é tomáint agus tomáilt an fréamh-fhocal céanda ach amháín an "ing ending":

Fágáil.....tumáilt
Fágaint.....tomáint

Cad é do thuaririm air?

An Lon Dubh wrote:
Is í "comáint" an focal gnách. Is minic a bhíonn "c" caol sa tosach de fhocal i gCorca Dhuibhne, ach tá sé leathan i gCorcaigh nó an chuma eile.
Mar shampla: cimeád/coimeád


Deirtear ciomáint agus cimeád sa Rinn chón maith, cé go scríobhtar/ scrítear coimeád (caighdeán)

An Lon Dubh wrote:
I dtosach an fichiú haoise, ba é seo an bhrí leis na focalaibh "tiomáint" agus "comáint":
ag comáint = "driving" gach ainmhí seachas capaill
ag tiomáint = ag tiomáint an chairr, agus "ag comáint na gcapall".

I nGaelainn na bhfile (Caighdeán na bhfili, 1200-1600), baineadh úsáid as "tiomáint" leis an brí "to drive (only horses)".


Sin suimeamhail ach déanann sé ciall go n- úsáidfí tiomáint nuair athá carr i gceist más ea- horse power.

Ní bhféadfainn teacht ar d' fhoinse "Caighdeán na bhFili" nuair chuardaíos é ar an idir- líon. Tuigim gurb é an seana- litriughadh ar file ná "fili" agus an iolra "filid". ' bhfuil aon bhaint ag "Caighdeán na bhFili" leis and dtéacs dlithiúil "Uraicecht na Ríar"?

An Lon Dubh wrote:

Ní chuireann, Ní fheadar cad é an fáth mar is gnáth an "t" sin a rá sa Mhumhain.


Sin ait, airímse éigint i ngach fo- chanmhaint eile, ach ní rabhas riamh i mBaile Mhúirne/ Bhúirne.

An Lon Dubh wrote:
An bhó, cinnte. Cḣím an buailte im' aigne agus ansan, ní scríobhaim é! :D


:D

An Lon Dubh wrote:
"Boin" i gCorcaigh.


An ea? Dé chúis gur thréigeadar an fada? :)

An Lon Dubh wrote:
Lowg-hig, cinnte. :good:


GRMA do bhí é sin ag cur isteach orm le fada anuas.

An Lon Dubh wrote:
Tá an ginideach "talaimh" fireann (fé mar atá "talamh" fein), ach is baineann atá an ginideach "talún".
Mar shampla: ar droim na talún.

Focal éagsúlach is ea é! (nó í, b'fheidir!)


Sin é go díreach thá dhá hinscne ag an bhfocail talamh. Thá dhá inscne ag roinnt focal sa Ghaolainn go hárithe dhóibh a raibh inscne neodraigh sa tseana- Ghaolainn acu- ar nós "Maigh" ("Mag" Seanaghaolainn)- plain. Do dh' féadfadh Maigh ' bheith firinscneach nú baininscneach.

An bhean bheag
An fear beag
An Mag mbecc (An maigh bheag/ an maigh beag)

Sa ló athá inniumh ann do Dh' fhéadfá an neodrach a dh' fhéiscint i logainmneachaibh:

Sliabh gCua

Thá iarsma do'n neodrach fós le feiscint ins an copail: "is ea(dh)" nú "is ed"

Is í
Is é
Is ea

'Sé talmhan an litriughadh réamh- chaighdeánach don nginideach uatha baininscneach (talún)


An Lon Dubh wrote:
Focal eile:
fuinseog
T.A. uatha: Is álainn an crann í an fhuinseog san, cumhdaímís í!
T.A. iolra: Leagadar na fuinseoga lá arna mhaireach, gach fuinseog sa choill, agus geallaim dhuit, níorbh chóir dóibh é sin a dhéanamh.
An chuid eile:
A Shéamais, Stad anois!
Cad ina thaobh? Nílim ach ag dreapadh na bhfuinseog. Is í seo an tarna ceann a dhreapas.
Ní ceadaítear duit aon.......Aililiú! Táir-se ar bharr na fuinseoige! Téir síos anois!
Ach, a Cháit, táim ar an gcraoibh is treise is daingne atá ag an bhfuinseoig mhóir seo.
Im briathar, Is craobh ghuagach í an chraobh san, níl ach croabhacha guagacha aigesna fuinseogaibh na páirce seo. Téir síos


Ar fheabhas ar fad, ach cad is brígh le cumhdú- clumhdach/ clúdach a chur ar rud éigint an ea?

An Lon Dubh wrote:
An chéad fhocal eile:
Manach.


Ar maidin uaibhreach do chuaidh manach (T.A uatha) ag triall ar an gcaidhil (coill) chun suamhnis a dh' fháilt ó'n mainistrigh. Do shrois sé crann darach mór is do thosnaigh sé ag guidhe. Chaith sé seal ansan ag guidhe go síodhachántadha agus na heanlaith ag canadh go meidhreach binn leis. Tháinig tart ar an manaigh (T.Tabh uatha) agus theastaigh sé an tart san a mhúchadh. Do dh' áirigh sé glais(e) ag ruith lámh ris an gcaidhil. Shrois sé an ghlaise agus do chrom sé chun an t- uisge a dh' ól. Do chonac sé faol aonaireach mór millteach ag teacht chuige, ní robh aon fhíochmharachas ins an gadhar allta- do bhí sé gortaithe. Do bha/ bhí bádh ag an manaigh roimis an gcoin agus do theastaigh sé cabhrughadh leis an madradh. Do chaitheadar ar a sáilibh agus do dh' fhilleadar thar- nais ar an mainistrigh.

Do bhí na manaigh (T.A iolra) ag fuireach go buartha ar fhilleadh an mhanaigh (T. G uatha) óir do bhí sé 'mthithe le fada. Do chonaiceadar é ag teacht thar mhullaigh an chnocáin, do bhí roim an mainistrigh agus an faol lena ais. Do tháinig sgeon aires na manachaibh (T. Tabh iolra). Shrois an manach agus an faol teorann an tearmainn. Do chonaic na manaigh eile go robh an faol bocht gortaithe agus do leogadar isteach iad. Do chabhraigh na manaigh leis an gcoin agus níorbh fhada go robh a shláinte tagtha chuige aríst. Do dh' fhan an faol ins an tearmann as sin amach ag tabhairt cosanta dos na manachaibh. Óir sin, do ghlaodhaidís cú na manach (T.G iolra) ar an bhfaoil.

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Last edited by An Cionnfhaolach on Mon 27 Aug 2012 5:52 am, edited 2 times in total.

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Sat 25 Aug 2012 6:18 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
an chéad fhocal eile: each

Anybody can have a go if they want! :D

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Mon 10 Sep 2012 8:36 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
Seo é an snáth is fearr liom.

An Cionnfhaolach wrote:
Ní bhféadfainn teacht ar d' fhoinse "Caighdeán na bhFili" nuair chuardaíos é ar an idir- líon. Tuigim gurb é an seana- litriughadh ar file ná "fili" agus an iolra "filid". ' bhfuil aon bhaint ag "Caighdeán na bhFili" leis and dtéacs dlithiúil "Uraicecht na Ríar"?

Ní fheadraíos an ainm cheart ar "Caighdeán na bhFilí" nuair a scríobhas an teachtaireacht úd thuas. Ins an leabhar Stair na Gaeilge, in ómós do Pádraig Ó Fiannachta, 'sé "An Nua-Ghaeilge Chlasaiceach" a tugtar air. Do chruthaíd na filí an caighdeán so i dtosach an tarna haoise déag agus níl aon rian canúna ar an gCaighdeán úd. Do chumadh na dánta díreacha ins an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.

Quote:
An Lon Dubh wrote:
"Boin" i gCorcaigh.


An ea? Dé chúis gur thréigeadar an fada? :)

Ní fheadar, ach aimseod! :computer:

Quote:
Sin é go díreach thá dhá hinscne ag an bhfocail talamh. Thá dhá inscne ag roinnt focal sa Ghaolainn go hárithe dhóibh a raibh inscne neodraigh sa tseana- Ghaolainn acu- ar nós "Maigh" ("Mag" Seanaghaolainn)- plain. Do dh' féadfadh Maigh ' bheith firinscneach nú baininscneach.

An bhean bheag
An fear beag
An Mag mbecc (An maigh bheag/ an maigh beag)

Sa ló athá inniumh ann do Dh' fhéadfá an neodrach a dh' fhéiscint i logainmneachaibh:

Sliabh gCua

Thá iarsma do'n neodrach fós le feiscint ins an copail: "is ea(dh)" nú "is ed"

Is í
Is é
Is ea

'Sé talmhan an litriughadh réamh- chaighdeánach don nginideach uatha baininscneach (talún)

Go raibh míle maith agat as an eolas ar an neodrach.

Quote:
Ar fheabhas ar fad, ach cad is brígh le cumhdú- clumhdach/ clúdach a chur ar rud éigint an ea?

"Keep" nó "conserve", agus, ina theannta san, an brí a thugais.

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Last edited by An Lon Dubh on Tue 11 Sep 2012 6:30 am, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Mon 10 Sep 2012 11:33 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1482
An Lon Dubh wrote:
An Cionnfhaolach wrote:
Ní bhféadfainn teacht ar d' fhoinse "Caighdeán na bhFili" nuair chuardaíos é ar an idir- líon. Tuigim gurb é an seana- litriughadh ar file ná "fili" agus an iolra "filid". ' bhfuil aon bhaint ag "Caighdeán na bhFili" leis and dtéacs dlithiúil "Uraicecht na Ríar"?

Ní fheadraíos an ainm cheart ar "Caighdeán na bhFilí" nuair a scríobhas an teachtaireacht úd thuas. Ins an leabhar Stair na Gaeilge, in ómós do Pádraig Ó Fiannachta, 'sé "An Nua-Ghaeilge Chlasaiceach" a tugtar air. Do chruthaíd na filí an caighdeán so i dtosach an tarna haoise déag agus níl aon rian canúna ar an gCaighdeán úd. Do chumadh na dánta díreacha ins an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.


Aililiú tuigim anois :facepalm: , thá eolas agam ar an nGaodhaluinn gClasaiceach alright. Leabhar do' n sgoth 'seadh an leabhar san. Ana aiste ag Seán Ua Suilleabháín ar chanmhaint na Mumhan. 'Sé Ua Sulleabháin duine dos na leachtóribh againne i nUCC. Bhéarfad-sa sraic-fhéachaint air nuair a fhillfead thar n-ais ar an Ollsgoil aríst.

An Lon Dubh wrote:

Go raibh míle maith agat as an eolas ar an neodrach.


:good:

An Lon Dubh wrote:
Quote:
Ar fheabhas ar fad, ach cad is brígh le cumhdú- clumhdach/ clúdach a chur ar rud éigint an ea?

"Keep" nó "conserve", agus, ina theannta san, an brí a thugais.


GRMA!

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Last edited by Breandán on Tue 11 Sep 2012 1:07 am, edited 2 times in total.
Edited to fix quotes and remove duplicate


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Sun 03 Mar 2013 9:28 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1171
An Cionnfhaolach wrote:
an chéad fhocal eile: each

Anybody can have a go if they want! :D

Fadó, Fadó, ins an tseanaimsir, bhí each(Ainmneach Uatha) ag Rí na gConnachtach agus, chun na fírinne a rá, is é an each ba bhreatha agus ba mhire a bhí in Éirinn an uair sin. "Breandán bán" a glaodh ar an each(Tabharthach Uatha) san. Ní raibh sé ina chónaí i stábla, ach ar bharra Mhullach an Ois. Nuair a bhíodh gnó ag Rí dó, nó dosna eachaibh(Tabhartach Iolra) eile, do séidtí adharc ana-mhór agus do thagaidís go léir anuas óna n-áit lonnaithe. Do chuireadh an gabha na eacha(Ainmneach Iolra) is tréine in íonaibh catha. I dtaobh Bhreandáin bháin, tugtí Lughaidh Láidir mar marcach dó. Bhí éad ar na eachaibh eile leis mar gheall air sin.
"Seachain éad na n-each(Ginideach Iolra)", mar a duairt an seanfhocal, ach ní fheadar cad é an brí leis an seanfhocal úd (is dócha ná fuil aon chiall aige, mar do chumas-sa é chun an tuisil ghinideach iolra a thaispeáint!).
Níl aon chuid eile de scéal an eich(Ginideah uatha) sin agam.

An chéad fhocal eile:
Spideog.

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Sun 03 Mar 2013 9:36 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3425
Location: Cill Dara
Agus cheap mé gurb Íosa amháín a aiséirigh ó na mairbh! :mrgreen:

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 38 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 11 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group