Fuair mé an fógra inniu:
-----------------------
SCOIL SAMHRAIDH MHIC REACHTAIN 2012
Tá Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain thar a bheith sásta a fhógrú go bhfuil muid anois ag clárú don 13ú Scoil Samhraidh Mhic Reachtain. Bhí rath agus bláth ar an scoil anuraidh agus tugaimid gealltanas daoibh go mbeidh scoil na bliana seo chomh maith céanna agus táimid ag súil go mór tú a fheiceáil aige.
Tá na háiteanna teoranta ar an chúrsa mar sin, cuir d’fhoirm agus d’íocaiocht chugainn chomh luath agus is féidir leat le d’ait ar an chúrsa a chinntiú.
Foirmeacha ar fail ag
ray@mhicreachtain.com Coláiste Gaeilge do dhaoine fásta
Dé Luain 23ú go dtí Dé hAoine 27ú Iúil 2012
Coláiste Naomh Mhaolmhaodhóg & Iontaobhas 174, Ascaill Dhún Chairn, Béal Feirste
Bóthar Aontroma
Beidh cúig leibhéal i gceist:
Bunrang (glantosaitheoirí)
Bunrang leibhéal 1
Meánrang (íochtarach)
Meánrang (uachtarach)
Ardrang
Beidh na ranganna ar siúl ó 10.00 – 4.00 gach lá. Beidh trí rang agus rang amháin amhránaíochta ag achan scoláire in aghaidh an lae. Múinteoirí cáilithe a bheas ag teagasc na ranganna.
An Fhoireann Teagaisc:
An Dr Fionntán de Brún An Dr Art Hughes An Dr Seán Mac Corraidh
An Dr Nioclas MacCathmhaoil Pádraig Mac Fhearaigh Máirtín Mac Grianna
Philomena Gorman Caoimhe Ní Chathail
Táille: £35.00 (£25.00 do dhaoine dífhostaithe). Cumhdóidh an táille seo an teagasc don tseachtain iomlán. Más spéis leat theacht chuig an chúrsa seo gearr amach agus líon isteach an fhoirm a leanas a luaithe agus is féidir, agus cuir in iúl fosta an leibhéal ranga a bheas uait. Ní féidir le CCMR ach 150 duine a ghlacadh ar an chúrsa seo. Moltar duit áit a chur in áirithe go luath lena chinntiú.
_________________
賢いふくろぐま
Seans Eile - free software to help you practice your Irish
Scéala na Wombait - Muddle-headed Memes and Musings