An Lon Dubh wrote:
An Cionnfhaolach wrote:
Thá'n mhír choibhnis thraidisiúnta indíreach coitianta i nGaoluinn na nDéise, bíonn gnáth-fhoirm na Mumhan ann leis "go". Bhíodh an "s"-coibhneaasta ann leis ach ní chloisheá é sin anois faraor.
Tá cuntas gearr ar an "s"-coibhneasta i Seana-chaint na nDéise (Cuid a haon) agus tá sé le feiscint i leabhar Mhaidhc Dháith.
Chonac é sin i Seana-chaint na nDeise alright ach ní fhaca mé é i leabhar Mhaidhc. Is léir ná rabhas ag féachaint go mion air. Go raibh maith agat as an eolas sin.
Quote:
Tá an ginideach dé fós ann, i gcaint na seanadaoine:
Glúin
Dhá ghlúin
X an dá ghlún.
Is cuimhin liom gur dheinis tagairt de seo cheana, is fíor-shuimiúil é sin pé sgéal é. Caithfead mo chluasa a chur ar aire dho anois.
Ach mar sin fhéinig, nách mbaineann an nós seo ach le dorn focal anois?
Cian
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)