Go raibh míle maith agat, a Chionnfhaolach!
Is aithnidiúil an taifeadadh sin sa ghearthóg YouTube - is as an chartlann Dhoegen é. Tá níos mó anseo:
http://doegen.ie/speakers?page=1 - cartlann dochreidte.
Ba ina cónaí san Bhabhún í an Ghuibhríneach, i gceantar Ó Méith, i Lú mar a dúirt tú. Tá ábhar go leor as an ceantar seo, agus faoin chanúint ann. Is canúint Ultach Thoir Theas dairire í an chanúint Ó Méith, ní canúint Laigheanach í.
Scríobh Ciarán Dunbar leabhar íontach faoin chanúint sin -
Cnuasach Focal as Oirialla (ar fáil anseo:
http://www.coisceim.ie/oirialla.html), agus mholfainn go láidir duit má tá spéis agatsa dona chanúintí sa réigiúin sin. Ba mórán chosúlachta idir an Ghaeilge i Lú Thuaidh, Muineachán Thoir agus Ard Mhacha Theas (an 't-Oirialla' sa theideal den leabhar). Tá blag ag an Dúnbarrach chomh mhaith:
http://oirialla.blogspot.ie/.
Is acmhainn ar fheabhas é
Labhrann Laighnigh freisin! Bainim úsáid as go minic i mo thaighde ar na chanúintí i Sean-Laighin. Má tá spéis ar bith agaibh sna chanúintí, is bunriachtanach é an leabhar, agus ní ro-dhaor é, ar ndóigh.
Tá súil agam go mbeidh mé ábalta
Gaelic Dialects of Leinster (1933) le Donn Piatt scanadh a dhéanamh don bhlag, ach níl mé cinnte faoi chóipcheart sa chás seo. Is íontach tábhachtach - agus uathúil, ar an dhrochuair - an leabhar sin.
Buíochas aríst don thacaíocht, agus bain sult as an bhlag!